Gaeilge

An Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an tIonad Ilfhreastail le haghaidh aon duine atá ag iarraidh teacht ar eolas agus tacaíocht i dtaobh gnó a thosú nó a mhéadú in Éirinn.

Tá comhairle, eolas agus tacaíocht ar fáil duit san Oifig Fiontair Áitiúil agus tú ag iarraidh do ghnó a thosú nó a mhéadú.

Tá 31 foireann thiomnaithe ag feidhmiú ag na hOifigí Fiontair Áitiúil sna húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann agus an-chuid taithí, scileanna agus seirbhísí dá réir ar fáil duitse.

Tá an Oifig Fiontair Áitiúil ann ar mhaithe le daoine atá ag iarraidh gnólacht nua a thosú nó daoine atá i mbun gnó cheana féin; áirítear orthu sin fiontraithe, tionscnóirí luathchéime, gnólachtaí nua-thionscanta agus gnólachtaí beaga atá ag iarraidh méadú.

An Fhís Atá Againn:

Tuilleadh gnólachtaí nua-thionscanta, tuilleadh gnó agus tuilleadh jabanna sna ceantair áitiúla.

An Ról Atá Againn:Cabhrú Leatsa do Smaoineamh Gnó a Thabhairt i gCrích

  • Forbairt na fiontraíochta áitiúla a chur chun tosaigh go gníomhach, mionghnólachtaí agus gnólachtaí beaga áitiúla a chur i gceartlár na hoibre as a gcruthaítear jabanna in Éirinn.
  • Tacaíocht ghníomhach agus cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí nua-thionscanta agus meon ‘is féidir linn’ a chur chun cinn i gcultúr gnó na tíre.
  • Méadú a chur ar acmhainn mionghnólachtaí agus gnólachtaí beaga jabanna a chruthú.
  • Méadú a chur ar líon na ngnólachtaí nuálacha a bhféadfadh acmhainn easpórtála a bheith      iontu.
  • Oibriú ar bhealach réamhghníomhach i dtaobh riachtanais ár gcliant.

Tacaíochtaí agus Seirbhísí:

  • Tugaimid cúnamh díreach airgeadais do mhionghnólachtaí.* Is ionann mionghnólachtaí agus gnólachtaí a bhfuil deichniúr (10) fostaithe nó faoina bhun sin ag obair iontu. *Baineann critéir cháilitheachta.
  • Cuirimid comhairle ar ghnólachtaí i dtaobh deiseanna eile ar chistiú airgid.
  • Cuirimid eolas ar fáil i dtaobh cúrsaí gnó, seirbhísí comhairleacha agus tacaíocht fiontraíochta.
  • Cuirimid scoth na hoiliúna ort ionas gur féidir le do ghnólacht an beart a dhéanamh; áirítear ar an oiliúint sin Do Ghnó Féin a Chur ar Bun, Do Ghnó a Bhainistiú e.g. Margaíocht, Díolacháin, Bainistíocht Airgeadais, Straitéis agus Pleanáil Gnó.
  • Tá meantóirí againn a chuirfidh comhairle ort – saineolaithe a bhfuil taithí na mblianta acu.
  • Cuirimid ar an eolas thú faoi na seirbhísí is mó a chabhróidh leat do ghnólacht a fhorbairt agus a mhéadú.
  • Cuirimid comhairle ort maidir le rialacháin údaráis áitiúil, cúrsaí pleanála, cúrsaí      inrochtaineachta, cúrsaí comhshaoil, cúrsaí soláthair agus nithe eile a gcaithfidh do ghnólacht déileáil leo.
  • Déanaimid ceangal idir do ghnólachtsa agus na hacmhainní Stáit cuí; orthu sin tá gníomhaireachtaí ar nós:

– an Roinn Coimirce Sóisialaí: Tacaíochtaí Fiontraíochta

– Microfinance Ireland: Iasachtaí Gnó

– na Coimisinéirí Ioncaim: an Scéim Síolchaipitil

– Boird Oideachais agus Oiliúna: Cúrsaí Oiliúna Gnó

– an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa: nuair a dhiúltaíonn do bhanc creidmheas a thabhairt duit

  • Cruthaímid conairí forchéimnithe chuig Fiontraíocht Éireann le haghaidh gnólachtaí a bhfuil an-acmhainn fáis iontu.
  • Cuirimid comhairle ar ghnólachtaí nua-thionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú i dtaobh cóiríocht oifige agus foirgnimh sna ceantair áitiúla.
  • Eagraímid eochairócáidí fiontraíochta.
  • Déanaimid éascaíocht do líonrú éifeachtach i measc lucht gnó.
  • Déanaimid oideachas fiontraíochta a chur chun cinn sa phobal áitiúil.
  • Ar ár suíomh gréasáin – www.localenterprise.ie – tá teacht ar eolas faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil.